Téarmaí & Coinníollacha

Is iad seo a leanas na rialacha nó na “Téarmaí” a rialaíonn áirithintí agus oibríochtaí ar fad Choláistí Chorca Dhuibhne. Trí úsáid a bhaint nó cuairt a thabhairt ar an Suíomh, aontaíonn tú go sainráite a bheith faoi cheangal ag na Téarmaí agus na Téarmaí a leanúint agus na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme a rialaíonn an láithreán gréasáin.

Coimeádann Coláistí Chorca Dhuibhne an ceart na Téarmaí seo a athrú aon am, le héifeacht láithreach tar éis iad a phostáil ar an suíomh Gréasáin. Seiceáil an leathanach seo den suíomh Gréasáin ó am go chéile.

Tá lóistín, bia, ranganna Gaeilge, gníomhaíochtaí agus maoirseacht 24 uair an chloig san áireamh sa phraghas. Tabhair faoi ndeara, le do thoil, go bhfuil gníomhaíochtaí amuigh faoin aer ag brath ar an aimsir.

Covid 19

  1. Tabhair faoi ndeara, le do thoil: Glacfar le daltaí go sealadach tráth na háirithinte. Ní féidir na céimeanna deiridh den bpróiseas áirithinte a chur i gcrích go hiomlán go dtí go mbeidh an méid seo a leanas curtha i gcrích go sásúil: • Foirm Dhearbhaithe COVID 19 • Foirm Mheasúnaithe LG (más gá)
  2. Ní mór Dearbhú Covid 19 agus Foirmeacha Measúnaithe LG a sheoladh thar n-ais tráth nach déanaí ná 3 lá roimh dháta tosaithe an chúrsa. Tabhair faoi ndeara, le do thoil, nach nglacfar le foirmeacha a chuirfear ar ais níos déanaí ná 3 lá roimh dháta tosaithe an chúrsa.
  3. Coimeádann Coláistí Chorca Dhuibhne an ceart clárú a dhiúltú d’iarratasóirí nach n-éiríonn leo céimeanna 1 agus 2 a chomhlíonadh.
  4. Coimeádann Coláistí Chorca Dhuibhne an ceart chun diúltú d’iarratasóirí a bhfuil tinneas tromchúiseach orthu nó riocht sláinte tromchúiseach leanúnach orthu. Tá sé seo ar mhaithe le leas agus sábháilteacht an dalta agus na daltaí eile.
  5. Sa chás go gcuirfear an cúrsa ar ceal, seolfar an t-iomlán atá íochta thar n-ais, lúide táille riaracháin de €60.
  6. Cuirtear áiteanna in áirithe ar bhonn an duine is túisce a thagann isteach agus sa chás go bhfuil orainn an líon ar chúrsa a laghdú, is é an duine is déanaí isteach agus is túisce a bheidh i gceist. Beidh feidhm ag an nós imeachta seo i gcás ina laghdaítear ACMHAINN CHÚRSAÍ DE DHEASCA LÓISTÍN GAN BHEITH AR FÁIL.
  7. Má chuirtear cúrsa ar ceal mar gheall ar COVID 19, nó mar gheall ar chúinsí eile nach bhfuil smacht ag Coláistí Chorca Dhuibhne orthu, nó/agus ar chomhairle an tríú páirtí nó údaráis, seolfar gach táille thar n-ais seachas an costas riaracháin €60.
  8. Más rud é go gcaithfidh dalta é a chur ar ceal de bharr comharthaí sóirt Covid 19 sara dtagann siad go dtí an gColáiste, íocfar aisíoc iomlán ar thaispeáint teastas dochtúra lúide táillle riaracháin €60.
  9. 06/08/2022. Má thagann athrú ar na treoirlínte seo, beidh sé riachtanach na costais a bhaineann le feidhmiú an chúrsa a mheas, agus má tá na hathruithe suntasach, go gcaithfí líon na mac léinn in aghaidh an chúrsa a laghdú go suntasach nó go mbeidh gá le bearta suntasacha breise a chur i bhfeidhm. Chun cloí leis na treoirlínte ar chostas suntasach, coimeádaimid ár seasamh maidir leis na táillí a leasú mar a leagadh amach roimhe seo nó an cúrsa a chur ar ceal go hiomlán. Tabharfar fógra scríofa do gach mac léinn maidir le haon chealú iomlán ar an gcúrsa, nó athrú ar na táillí atá iníoctha i leith an chúrsa, a luaithe is féidir.
  10. Mar gheall ar na forbairtí síor-athraitheach a bhaineann le Covid19, déanfar measúnú ar chostais an chúrsa, agus treoirlínte acmhainne cúrsa, níos gaire do dháta tosnaithe an chúrsa.

Éarlais

Beidh éarlais de €250 ag teastáil agus tú ag cuir d’fhoirm iarratais isteach.

Deimhniú

Ní dheimhnítear áit ar chúrsa ach amháin nuair a fhaightear uimhir thagartha an chúrsa. Gheobhaidh tú d’uimhir thagartha ar ríomhphost nuair a bheidh tú ag déanamh áirithinte. Luaigh an uimhir thagartha seo in aon chomhfhreagras le Coláistí Chorca Dhuibhne.

Téir i dteagmhail linn le do thoil muna bhfaigheann tú d’uimhir thagartha. (via eolas@colaiste.ie)

Iarmhéid

Ní mór iarmhéid tháille an chúrsa a bheith díolta sé seachtaine sara dtosnaíonn an cúrsa.  Mara ndíoltar an t-iarmhéid fén ndáta sin, tá sé de cheart ag Coláistí Chorca Dhuibhne a dhearbhú go bhfuil an áirithint ar ceal, agus sa chás sin, caillfear an éarlais iomlán a díoladh.

Lascainí.

Tá lascaine de €35 in aghaidh an dalta do theaghlaigh ar fáil do dheartháireacha agus deirfiúracha atá ag freastal ar Choláistí Chorca Dhuibne sa bhliain féilire chéanna.

Ní bhaineann an lascaine seo lenár dTréimhse Foghlama sa Ghaeltacht d’ábhair oidí.

Scoláireachtaí  & Páirt-Scoláireachtaí

Ní bhaineann Scoláireachtaí & Páirt-Scolaireachtaí ach amháin le cúrsaí na bliana reatha.

Cuirfear luach an dearbháin Scoláireachta nó Páirt-Scoláireachta chun sochair an iarmhéid a bheidh dlite, a luaithe a gheobhaidh Coláistí Chorca Dhuibhne deimhniú scríofa ar an scoláireacht.

Téir i dteagmháil linn má tá scoláireacht agat chun an tslí a íocfaidh tú an t-iarmhéid a phlé

Polasaí Cealaithe

  • I gcás cealaithe i scríbhinn ag nó thar ceann mac léinn, suas go dtí deich seachtaine roimh dháta tosnaithe an chúrsa, eiseofar aisíoc iomlán, lúide costas riaracháin de €60.
  • Leagfar costas riaracháin €60 ar gach cealú a chaithfear deighleáil leis.

Eiseofar aisíocaíocht iomlán má chuireann tú ar ceal suas le 30 lá roimh dháta tosnaithe an chúrsa, lúide táille riaracháin de €60.

Forghéillfidh tú d’éarlais má chealaíonn tú cúrsa idir 30 agus 7 lá roimh dháta tosnaithe an chúrsa.

Tá tú freagrach as an TÁILLE IOMLÁN a íoc linn má chuireann tú cúrsa ar ceal níos lú ná 7 lá roimh dháta tosnaithe an chúrsa.

Féach ar an bPolasaí Cealaithe anseo 

Nóta do dhaltaí & tuismitheoirí:

Déantar na táillí a íoctar as an gcúrsa a mhiondealú i gcostais ullmhúcháin an choláiste a tharlaíonn sula dtosnaíonn an cúrsa, agus i gcostais seachadta.

Nuair a dhéantar áirithint, caitear cuid de na táillí a íoctar ar chostais ullmhúcháin an choláiste agus an cúrsa á phleanáil, is é seo an táille riaracháin lena mbaineann, mar atá luaite sa pholasaí cealúcháin thuas.

Briseadh síos ar chostais

  • Táille ar chóras áirithinte: €4
  • Táille ar Ullmhúcháin an Chúrsa (táille riaracháin) €60
  • Táille seachadta an chúrsa: Athraíonn gach cúrsa

Ní áirítear táillí: taisteal go/ó Choláistí Chorca Dhuibhne, cochaill chúrsa, siopa milseán, agus turas le linn an chúrsa.

Tá táillí ar fad an chúrsa bunaithe ar threoirlínte reatha a d’eisigh Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ón 06/08/2020.

 

Boilsciú

Cé go ndéantar gach iarracht an táille cúrsa atá liostaithe ag an am áirithinte a chur i bhfeidhm, tabhair faoi ndeara le do thoil go bhféadfaí formhuirear a ghearradh bunaithe ar chostais mhéadaithe an chúrsa.

Cuirfear custaiméirí ar an eolas trí ríomhphost maidir le haon ardú ar tháillí an chúrsa.

Rialacha

Ní chreideann an Coiste gur cheart go mbeadh liosta mór fada rialacha le leanúint. Tá cúpla riail bhunúsach ann agus iarrtar oraibh iadsan a lua leis an ndalta sara dtagann siad go dtí an nGaeltacht. Má bhristear na rialacha seo, cuirfear an dalta abhaile ón gcúrsa agus caillfidh siad táille an chúrsa.

  1. Caithfidh daltaí Gaeilge a labhairt an t-am ar fad.
  2. Caithfidh daltaí treoracha an Phríomhoide, Múinteoirí, Ceannairí a leanúint.
  3. Caithfidh daltaí filleadh ar a seomraí tar éis an chéilí ag an am cuí agus níl cead imeacht arís ina dhiaidh. Baineann sé seo chomh maith le daltaí a tógtar amach don lá nó cuid den lá ag tuismitheoirí/caomhnóirí.
  4. Ní cheadaítear tabac, alcól nó substaintí andúile a bheith i seilbh an dalta. Ní cheadaítear do dhaltaí dul isteach in áitreabh ceadúnaithe.
  5. Caithfidh daltaí cloí le rialacha an bhóthair agus iad amuigh ag siúl. Déan deimhin de go bhfuil saicéad “high-vis” ag do leanbh.
  6. Cuirfear srian ar úsáid fón póca le linn uaireanta an choláiste. Beidh cead acu iad a úsáid uair a chloig tar éis dinnéir gach tráthnóna.
  7. Ní cheadaítear díbholaíoch spraeála, nó stíleoirí gruaige téite.
  8. Ní cheadaítear táirgí dath bréaga.
  9. Tabhair leat mála níocháin atá neamhdhíobhálach don meaisín.

 

Polasaí Lóistín

Deonaítear lóistín ar bhonn an chéad duine a thagann isteach. Tá iarratais phearsanta faoi réir infhaighteachta agus ní féidir a chinntiú. Is féidir uasmhéid de thriúr cairde a liostú agus caithfidh gach foirm comhfhreagrais teacht leis seo.

An Nós Imeachta Smachta

Tá sé seo ar fáil ach é a lorg i scríbhinn