Catagóirí Cúrsa do 2023
Cúrsaí don aois-ghrúpa 10 - 18
Dian-Chúrsa Ullmhúcháin
Léargas Ginearálta
Diansheachtain de ranganna bunaithe ar gach gné de Churaclam Gaeilge na hArdteistiméireachta. Raghaidh an cúrsa seo chun tairbhe na scoláirí a dhéanfaidh Scrúdú na hArdteistiméireachta i mbliana, agus an bhéim ar an dteanga labhartha, ar fhorbairt scileanna cainte agus cumarsáide. Cabhróidh sé seo le scoláirí le gach gné dá gcúrsa ach go háirithe an Scrúdú Cainte (40%) agus an Scrúdú Cluaise (10%).
Dátaí na gCúrsaí
Níl aon chúrsaí sceidealaithe faoi láthairRéamhteastas Sóisearach (Bean a Tí)
Léargas Ginearálta
Raghaidh an cúrsa seo chun tairbhe do dhaltaí atá sa chéad bhliain agus sa dara bliain. Clúdófar topaicí ar churaclam an Teastais Shóisearaigh ar bhonn idirghníomhach. Béim láidir ar labhairt na Gaeilge. Cothófar grá i bhfoghlaim na Gaeilge ar Leithinis Chorca Dhuibhne i gcroílár Ghaeltacht Chiarraí Thiar.
Dátaí na gCúrsaí
Níl aon chúrsaí sceidealaithe faoi láthairLóistín ar Champas Réamh-Theastas Sóisearach (Lóistín sa Choláiste)
Léargas Ginearálta
Reáchtálann Coláistí Chorca Dhuibhne clár cónaithe samhraidh 2 sheachtain i gColáiste Íde i gCuan an Daingin. Is tigh mainéir ón 18ú aois é Coláiste Íde. Fanann gach mac léinn ag an gColáiste Lóistín. Déanann an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus oifigigh as Coláistí Chorca Dhuibhne cigireacht ar Choláiste Íde.
Dátaí na gCúrsaí
Níl aon chúrsaí sceidealaithe faoi láthairCúrsa Réamh-Ardteiste (Bean a Tí)
Léargas Ginearálta
Beidh an cúrsa seo mar thairbhe do dhaltaí réamh-Ardteiste. Cé go gclúdófar gach cuid den gcúrsa, cuirfear béim ar an dteanga labhartha agus ar fhorbairt scileanna béil agus cumarsáide. Cabhróidh sé seo le daltaí le gach gné den gcúrsa, ach go háirithe le Scrúdaithe Béil agus Éisteachta.
Dátaí na gCúrsaí
Níl aon chúrsaí sceidealaithe faoi láthairCúrsaí Bunscoile (Bean a Tí)
Léargas Ginearálta
Le roinnt blianta anuas, is coláiste é do leanaí bunscoile atá 10 mbliana d’aois agus os a chionn. Cuirtear béim ar leith ar imeachtaí oiriúnacha tráthnóna agus gan dabht, dá óige é an leanbh atá ag foghlaim is ea is fearr é a deirtear.
Dátaí na gCúrsaí
Níl aon chúrsaí sceidealaithe faoi láthairTurasanna Scoile Seachtaine / Deireadh Seachtaine
Léargas Ginearálta
Ullmhaíonn Coláistí Chorca Dhuibhne cláracha do bhunscoileanna agus meánscoileanna gur mhaith leo blaiseadh a fháil den nGaeilge agus den gcultúr i gCorca Dhuibhne. Cuirtear gach clár in oiriúint de riachtanais an ghrúpa áirithe. Fanann daltaí agus múinteoirí le Bean an Tí chun blaiseadh nadúrtha den dteanga a fháil i measc mhuintir an tí. Bíonn ranganna Gaeilge labhartha ar fáil do ghrúpaí na hArdteiste agus iad ag ullmhú don scrúdú béil, ar fiú 40% de na maranna iomlána é. Cuirtear béim ar litríocht, filíocht agus turasanna cultúrtha timpeall an cheantair, ar fad as Gaeilge.
Dátaí na gCúrsaí
Níl aon chúrsaí sceidealaithe faoi láthairCian-fhoghlaim
Cian-fhoghlaim - Teastas Sóisearach
Léargas Ginearálta
Raghaidh an cúrsa seo chun sochair do dhaltaí atá sa 1ú, 2ú agus 3ú bliain ag leibhéal na meánscoile. Clúdófar topaicí ar bhonn idirghníomhach. Cuirfear béim láidir ar an mBéaltriail Ghaeilge chomh maith le cur le heolas an scoláire ar fhoclóir, gramadach agus struchtúr na n-abairtí Gaeilge trí thopaicí éagsúla. Tá sé mar aidhm againn do leibhéal Gaeilge a fheabhsú ó chompord do bhaile le linn an chúrsa ar líne seo. Cúrsa Cianfhoghlama ar líne - “An Ghaeltacht sa Bhaile”, ranganna seachtainiúla 2 uair an chloig ar líne a reáchtáiltear trí Zoom, á gcur i láthair ag ár bhfoireann teagaisc díograiseach ardcháilithe atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Féach ar an mbróisiúr le haghaidh tuilleadh sonraí.
Dátaí na gCúrsaí
Níl aon chúrsaí sceidealaithe faoi láthairCian-fhoghlaim - Ardteist
Léargas Ginearálta
Raghaidh an cúrsa seo chun sochair do scoláirí atá sa 4ú, sa 5ú agus sa 6ú bliain. Clúdófar topaicí ar churaclam na hArdteistiméireachta ar bhonn idirghníomhach. Béim láidir ar Bhéaltriail na Gaeilge. Cuirfidh an cúrsa seo le do chumas sa Ghaeilge ag díriú ar gach gné de chúrsa na hArdteistiméireachta d’fhonn do chumas sa teanga a fheabhsú. Tá sé mar aidhm againn do leibhéal Gaeilge a fheabhsú ó chompord do bhaile le linn an chúrsa ar líne seo.
Dátaí na gCúrsaí
Níl aon chúrsaí sceidealaithe faoi láthairCian-fhoghlaim - Bunscoil
Léargas Ginearálta
Raghaidh an cúrsa seo chun sochair do scoláirí atá i rang a 3, a 4, a 5 agus a 6 ag leibhéal na Bunscoile. Clúdófar topaicí ar bhonn idirghníomhach. Béim láidir ar labhairt na Gaeilge chomh maith le cur le stór focal, gramadach agus abairtí na Gaeilge. Tá sé mar aidhm againn do leibhéal Gaeilge a fheabhsú ó chompord do bhaile le linn an chúrsa ar líne seo.
Dátaí na gCúrsaí
Níl aon chúrsaí sceidealaithe faoi láthairCian-fhoghlaim Cúrsa ar líne
Léargas Ginearálta
Dátaí na gCúrsaí
Níl aon chúrsaí sceidealaithe faoi láthairCúrsa Ullmhúcháin do Ghaeilge na hArdteiste
Léargas Ginearálta
Raghaidh an cúrsa seo chun sochair do scoláirí atá sa 4úú, 5ú agus 6ú bliain. Cuirfidh sé seo le do chumas sa Ghaeilge ag díriú ar an Bhéaltriail Ghaeilge d’fhonn do chumas sa teanga a fheabhsú. Tá sé i gceist muinín na scoláirí agus cumas comhrá a chothú, ag cinntiú feidhmíocht níos suaimhní agus níos muiníní sa Scrúdú Stáit ar an gCaint. Tá sé mar aidhm againn do leibhéal Gaeilge a fheabhsú ó chompord do bhaile le linn an chúrsa ar líne seo
Dátaí na gCúrsaí
Níl aon chúrsaí sceidealaithe faoi láthairÁbhair Oidí
An Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht
Léargas Ginearálta
Is féidir grá sa teanga a chothú sna scolairí trí thaithí tumtha i suíomh nádúrtha cairdiúil ar Leithinis Chorca Dhuibhne i gcroílár Ghaeltacht Chiarraí Thiar. Cuirtear béim ar an dteanga labhartha, ar an ngramadach, ar an bhFillteán Foghlama agus ar an ullmhúchán don mBéaltriail Ghaeilge. Tá Topaicí Gaeilge dírithe ar Churaclam na Bunscoile. Faigheann na scoláirí blaiseadh chomh maith den raon leathan litríochta, cultúir agus traidisiúin atá againn i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Úsáidtear modhanna teagaisc idirghníomhacha sna ranganna.
Dátaí na gCúrsaí
Níl aon chúrsaí sceidealaithe faoi láthairColáiste Froebel
Léargas Ginearálta
Is féidir grá sa teanga a chothú sna scolairí trí thaithí tumtha ar líne. Cuirtear béim ar an dteanga labhartha, ar an ngramadach, ar an bhFillteán Foghlama agus ar an ullmhúchán don mBéaltriail Ghaeilge. Tá Topaicí Gaeilge dírithe ar Churaclam na Bunscoile. Faigheann na scoláirí blaiseadh chomh maith den raon leathan litríochta, cultúir agus traidisiúin atá againn i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Úsáidtear modhanna teagaisc idirghníomhacha sna ranganna. Eagraítear imeachtaí tráthnóna agus oíche bunaithe ar threoirlínte ón Siollabas do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht. Mar shampla, ceardlanna, aoichainteoirí, eispéiris chultúrtha bheo, agus go leor eile.
Dátaí na gCúrsaí
Níl aon chúrsaí sceidealaithe faoi láthairColáiste Hibernia
Léargas Ginearálta
Is féidir grá don nGaeilge a chothú sna daltaí trí thaithí thumoideachais i suíomh nádúrtha ciardiúil ar Leithinis Chorca Dhuibhne i gCiarraí Thiar. Cuirtear béim ar an dteanga labhartha, gramadach, An Fillteán Foghlama agus ullmhúchán don Scrúdú Béil. Baineann téamaí na Gaeilge leis an gCuraclam Bunscoile. Faigheann daltaí chomh maith blaiseadh den réimse leathan litríochta, cultúr agus traidisiúin ó Chorca Dhuibhne. Úsáidtear modhanna múinte idirghníomhacha sna ranganna.
Dátaí na gCúrsaí
Lá an Chúrsa
Coláiste Mhuire Gan Smál
Léargas Ginearálta
Is féidir grá don nGaeilge a chothú sna daltaí trí thaithí thumoideachais ar-líne. Cuirtear béim ar an dteanga labhartha, gramadach, An Fillteán Foghlama agus ullmhúchán don Scrúdú Béil. Baineann téamaí na Gaeilge leis an gCuraclam Bunscoile. Faigheann daltaí chomh maith blaiseadh den réimse leathan litríochta, cultúr agus traidisiúin ó Chorca Dhuibhne. Úsáidtear modhanna múinte idirghníomhacha sna ranganna. Eagraítear imeachtaí tráthnóna agus istoíche bunaithe ar threoirlínte do Shiollabais do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht. Mar shampla, ceardlanna, aoi-chainteoirí, imeachtaí beo cultúrtha agus mórán eile nach iad!