Coláistí Gaeilge
Samhradh
2027
DÁTAÍ IARRATAIS NA GCÚRSAÍ 2027
Osclófar iarratais do chúrsaí 2027 de réir a chéile:
-
D127 – Lóistín le Bean an Tí:
15 Meán Fómhair ag 10am
7 Meitheamh – 19 Meitheamh 2027 -
E127 – Lóistín le Bean an Tí:
16 Meán Fómhair ag 10am
20 Meitheamh – 3 Iúil 2027 -
J127 – Lóistín ar an gCampas:
17 Meán Fómhair ag 10am
20 Meitheamh – 3 Iúil 2027 - Gach cúrsa eile 2027: 18 Meán Fómhair ag 10am
SULA DTÉANN TÚ I dTEAGMHÁIL LINN
Bíonn na laethanta a osclaítear na hiarratais thar a bheith gnóthach, agus bíonn an-t-ualach tráchta ar ár suíomh idirlín agus líon mór fiosrúchán á fháil againn. Chun a chinntiú go bpróiseáiltear gach iarratas ar bhealach cothrom agus éifeachtach, ní bheidh muid in ann ríomhphoist a fhreagairt i rith na chéad seachtaine.
Sula dtéann tú i dteagmháil linn, féach le do thoil ar na leathanaigh Ceisteanna Coitianta (FAQ) agus Eolas do Thuismitheoirí (Parents’ Information) ar ár suíomh idirlín. Seans go bhfaighidh tú freagra ar do cheist ansin gan fanacht le freagra uainn.
Idir an dá linn, más tuismitheoir céaduaire thú, nó má d’fhreastail do leanbh orainn roimh shéasúr 2025/26, molaimid duit cuairt a thabhairt ar www.colaistecc.com, Cuntas Caomhnóra a chruthú, agus do mhac nó d’iníon a chur le do chuntas.
Cinnteoidh sé seo go mbeidh gach rud socraithe agat agus go mbeidh tú réidh le háit a chur in áirithe nuair a osclófar na cúrsaí 2027
Resources to find the information you need
Cúrsaí Samhraidh 2027
Coláiste Gaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne
Coláiste Gaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne
Coláiste Gaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne







Spóirt Uisce i gColáistí Chorca Dhuibhne
Fáilte go Coláistí Chorca Dhuibhne
Ag cabhrú le daoine óga ó gach aird den domhan an teanga a shealbhú.
Faigh amach faoi na h-iarrachtaí atá á dhéanamh sa cheantar seo chun an Ghaeilge agus Pleanáil Teangan a chur chun cinn go háitiúil ar shuíomh Tobar Dhuibhne.