Tá Coláistí Chorca Dhuibhne Teo ar an bhfód i mBaile an Fheirtéaraigh, Iarthar Chiarraí, le beagnach daichead bliain anuas. Is fochuideachta é de Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne é a bunaíodh i 1966. Is é an uimhir charthanais chláraithe CRA atá ag Coláistí Chorca Dhuibhne ná 20010034.

Is comhlacht é Coláistí Chorca Dhuibhne a bhfuil dea-bhainistiú airgeadais air agus a ghineann gníomhaíocht gheilleagrach trí chúrsaí Gaeilge a chur chun cinn.

Tá Coláistí Chorca Dhuibhne ag leanúint ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann ag reáchtáil cúrsaí Gaeilge ar shlí bhrabúsach do dhaltaí san aoisghrúpa 10-18 mbliana d’aois agus d’Ábhair Oidí agus do Mhúinteoirí Iarchéime faoi Oiliúint.

Maidir lena ranníocaíocht leanúnach don bpobal i gcoitinne, gineann Coláistí Chorca Dhuibhne ioncam de níos mó ná 2 m in aghaidh na bliana don gceantar agus nuair a chuirtear an t-iolraitheoir cuí i bhfeidhm ar an ioncam díreach, is féidir a rá gur fiú timpeall 4.5 m in aghaidh na bliana an t-ioncam seo don gceantar.

Aithnítear go forleathan go bhfuil éirithe go hiontach leis na Coláistí Gaeilge agus leathnófar an ghné seo trí thuilleadh athchóirithe.