Coláiste Íde

Cúrsa ar Champas

Léargas Ginearálta

Reáchtálann Coláistí Chorca Dhuibhne clár cónaithe samhraidh 2 sheachtain i gColáiste Íde i gCuan an Daingin. Is tigh mainéir ón 18ú aois é Coláiste Íde. Fanann gach mac léinn ag an gColáiste Lóistín. Déanann an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus oifigigh as Coláistí Chorca Dhuibhne cigireacht ar Choláiste Íde. Tá Coláiste Íde ar ardchaighdeán agus tá aon leaba amháin singil ag gach dalta. Fostaítear foireann na cistine chun béilí sláintiúla a chur ar fáil ó bhiachláir atá aontaithe le Coláistí Chorca Dhuibhne.

Cúrsa 2 Sheachtain ó €1090*

* €250 éarlais ag teastáil

Dátaí na gCúrsaí 2024

L1: 14 Iúil 2024 - 27 Iúil 2024Lán
Téir ar an liosta feithimh
Táimid anseo chun cabhrú leat. Ná bíodh aon leisce ort téir i dteagmháil linn roimh chlárú dár liosta feithimh chun do roghanna a phlé

Cúrsa Coicíse | €250 éarlais | €1020 iomlán

J1: 15 Mheitheamh 2024 - 29 Mheitheamh 2024Lán
Téir ar an liosta feithimh
Táimid anseo chun cabhrú leat. Ná bíodh aon leisce ort téir i dteagmháil linn roimh chlárú dár liosta feithimh chun do roghanna a phlé

Cúrsa Coicíse | €250 éarlais | €1100 iomlán

K1: 1 Iúil 2024 - 13 Iúil 2024Lán
Téir ar an liosta feithimh
Táimid anseo chun cabhrú leat. Ná bíodh aon leisce ort téir i dteagmháil linn roimh chlárú dár liosta feithimh chun do roghanna a phlé

Cúrsa Coicíse | €250 éarlais | €1090 iomlán

Gníomhaíochtaí

Cuireann Coláistí Chorca Dhuibhne ana-bhéim ar fhoghlaim na Gaeilge trí imeachtaí spraíúla agus suimiúla taobh amuigh den seomra ranga, ina measc spóirt agus turasanna go suíomhanna stairiúla ar fud Iarthair Chiarraí. Nuair a bhíonn an aimsir oiriúnach, caitheann daltaí an tráthnóna ar an dtráigh. Is é cuspóir an choláiste ná eolas ar an nGaeilge a thabhairt do dhaltaí chomh maith le heolas ar cheol agus ar rince traidisiúnta na hÉireann. Tá sé mar aidhm againn go mbeadh cúpla céim ag gach gach dalta is iad ag freastail ar an gcúrsa nó b’fhéidir cúpla focal d’amhrán agus an rud is tábhachtaí ná na cuimhní iontacha a bheidh acu amach anseo…
Is iad ár bhfoireann chmuasach i gColáistí Chorca Dhuibhne a dhéanann maoirseacht ar na himeachtaí ar fad…
Residential Irish Courses Activities
Tugann an saghas seo coláiste go leor buntáistí ar leith do dhaltaí:

A. – Tagann sé leis an gcuraclam athbhreithnithe atá tugtha isteach ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta sna hiar-Bhunscoileanna.

B. – Glacann údaráis teagaisc teangacha ar fud an domhain leis, dá luaithe is a fhoghlaimíonn daltaí teanga labhartha, is ea is tapúla agus is fusa a gheobhaidh siad é.

C. – Tá sé riachtanach go mbeadh cumas labhartha fónta ag daltaí ar theanga sula n-éilítear orthu í a léamh nó a scríobh.

Fanann gach mac léinn ag an gColáiste Lóistín. Déanann an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus oifigigh as Coláistí Chorca Dhuibhne cigireacht ar Choláiste Íde. Tá Coláiste Íde ar ardchaighdeán agus tá aon leaba amháin singil ag gach dalta. Fostaítear foireann na cistine chun béilí sláintiúla a chur ar fáil ó bhiachláir atá aontaithe le Coláistí Chorca Dhuibhne
Bíonn príomhoide, múinteoirí agus ceannairí ag plé le gach coláiste. Is príomhoidí agus múinteoirí cáilithe iad faoi rialacha na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, agus is cainteoirí líofa Gaeilge iad chomh maith.

Bíonn na ceannairí ar fad ocht mbliana déag d’aois nó os a chionn agus is ábhair oidí iad i gceann de na Coláistí Oideachais. Áirítear i measc dualgais na gceannairí ná cabhrú leis na scoláirí Gaeilge a labhairt lasmuigh den seomra ranga, cabhrú le heagrú na gcluichí san iarnóin agus teagasc an rince ag na céilithe tráthnóna. Cabhraíonn na ceannairí chomh maith le daltaí óga a bhraitheann uaigneach agus cabhraíonn siad leo socrú síos. 

Ní chreideann an Coiste gur cheart go mbeadh liosta mór fada rialacha le leanúint. Tá cúpla riail bhunúsach ann agus iarrtar oraibh iadsan a lua leis an ndalta sara dtagann siad go dtí an nGaeltacht. Má bhristear na rialacha seo, cuirfear an dalta abhaile ón gcúrsa agus caillfidh siad táille an chúrsa.
  • Caithfidh daltaí Gaeilge a labhairt an t-am ar fad.
  • Caithfidh daltaí treoracha an Phríomhoide, Múinteoirí, Ceannairí a leanúint.
  • Caithfidh daltaí filleadh ar a seomraí tar éis an chéilí ag an am cuí agus níl cead imeacht arís ina dhiaidh sin nó roimis 9.00rn an mhaidin ina dhiaidh. Baineann sé seo chomh maith le daltaí a tógtar amach don lá nó cuid den lá ag tuismitheoirí/caomhnóirí.
  • Ní cheadaítear tabac, alcól nó substaintí andúile a bheith i seilbh an dalta. Ní cheadaítear do dhaltaí dul isteach in áitreabh ceadúnaithe.
  • Caithfidh daltaí cloí le rialacha an bhóthair.
  • Cuirfear srian ar úsáid fón póca le linn uaireanta an choláiste.