Polasaí Cealaithe

  • Ní mór iarmhéid tháille an chúrsa a bheith díolta 10 seachtaine sara dtosnaíonn an cúrsa.  Mara ndíoltar an t-iarmhéid fén ndáta sin, tá sé de cheart ag Coláistí Chorca Dhuibhne a dhearbhú go bhfuil an áirithint ar ceal, agus sa chás sin, caillfear an éarlais iomlán a díoladh.
  • Sa chás go gcuirfidh mac léinn / nó duine ar bith thar ceann an mhic léinn, an cúrsa ar ceal, i scríbhinn, suas go dtí 10 seachtaine sara dtosnaíonn an cúrsa, seolfar an éarlais iomlán thar n-ais, lúide táille riaracháin €60.  Baineann an costas seo le riaradh ar áirithintí, ullmhú an chúrsa, obair ullmhúcháin in ionad an chúrsa agus soláthar an chúrsa).
  • Leagfar costas riaracháin €60 ar gach cealú a chaithfear deighleáil leis.
  • An té is túisce a chláraíonn a nglacfar leis ar an gcúrsa.  Agus sa chás go gcuirtear cúrsa ar ceal glacfar leosan is luaithe a chláraigh.  Cuirfear seo i bhfeidhm sa chás go n-éileodh go laghdófaí líon na rannpháirtithe ar chúrsa mar gheall ar laghdú sa lóistín atá ar fáil. 
  • Má chuirtear cúrsa ar ceal mar gheall ar chúinsí eile nach bhfuil smacht ag Coláistí Chorca Dhuibhne orthu, nó/agus ar chomhairle an tríú páirtí nó údaráis, seolfar gach táille thar n-ais seachas an costas riaracháin €60.
  • Tá na téarmaí seo bunaithe ar na treoirlínte a eisíonn gach Roinn Rialtais ábhartha go dtí ár gcoláistí. Sa chás go n-athródh na treoirlínte seo, beidh sé riachtanach measúnú a dhéanamh ar na costais a bhaineann leis an gcúrsa a oibriú agus má tá na hathruithe suntasach, rud a fhágann gur gá líon na mac léinn in aghaidh an chúrsa a laghdú go suntasach nó go gcaithfear beartais shuntasacha bhreise a chur i bhfeidhm chun cloí le treoirlínte ar chostas suntasach, coimeádaimid ár seasamh i ndáil leis na táillí mar a leagadh amach roimhe seo a leasú nó an cúrsa a chur ar ceal go hiomlán. Tabharfar fógra i scríbhinn do gach mac léinn maidir le haon chealú den tsórt sin ar an gcúrsa ina iomláine, nó maidir le hathrú ar na táillí is iníoctha i leith an chúrsa, a luaithe is féidir. Ós rud é go bhfuil an scéal ag athrú go minic le covid agus go bhfuil athruithe rialach coitianta, ní bheimid in ann ach comhairle a thabhairt maidir le haon athruithe atá níos gaire do dháta tosnaithe an chúrsa.

Nóta do Mhic Léinn agus Tuismitheoirí:

Déantar na táillí a íoctar as an gcúrsa a mhiondealú i gcostais ullmhúcháin an choláiste a tharlaíonn sula dtosnaíonn an cúrsa, agus i gcostais seachadta.

Nuair a dhéantar áirithint, caitear cuid de na táillí a íoctar ar chostais ullmhúcháin an choláiste agus an cúrsa á phleanáil, is é seo an táille riaracháin lena mbaineann, mar atá luaite sa pholasaí cealúcháin thuas.

Costais Bhreise

I rith an chúrsa beidh na mic léinn ag dul ar dha thuras, turas bus timpeall Chinn Sléibhe agus turas lae go dtí baile an Daingin. Tá an costas seo san áireamh le costas iomlán an chúrsa. Is féidir le mic léinn cochaill Chorca Dhuibhne a cheannach ar chostas €40.

Briseadh síos an chostais:

  • Táille an chórais áirithinte: €4
  • Táille ullmhúchán an chúrsa (táille riaracháin) €60
  • Táille seachadta an chúrsa: Athraíonn in aghaidh an chúrsa

Tá táillí ar fad an chúrsa bunaithe ar threoirlínte reatha a d’eisigh Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ón 06/08/2020.

Mar gheall ar na hathraithe a bhaineann le Covid19, beidh measúnú ar chostas cúrsaí, agus treoirlínte maidir le líon na ndaltaí ceadaithe ar chúrsaí ar siúl níos gaire do dháta tosaigh an chúrsa.

Polasaí maidir le cúrsa a chur ar ceal:

  • Ní mór iarmhéid tháille an chúrsa a bheith díolta 10 seachtaine sara dtosnaíonn an cúrsa.  Mara ndíoltar an t-iarmhéid fén ndáta sin, tá sé de cheart ag Coláistí Chorca Dhuibhne a dhearbhú go bhfuil an áirithint ar ceal, agus sa chás sin, caillfear an éarlais iomlán a díoladh.
  • Sa chás go gcuirfidh mac léinn / nó duine ar bith thar ceann an mhic léinn, an cúrsa ar ceal, i scríbhinn, suas go dtí 10 seachtaine sara dtosnaíonn an cúrsa, seolfar an éarlais iomlán thar n-ais, lúide táille riaracháin €60.  Baineann an costas seo le riaradh ar áirithintí, ullmhú an chúrsa, obair ullmhúcháin in ionad an chúrsa agus soláthar an chúrsa)
  • Leagfar costas riaracháin €60 ar gach cealú a chaithfear deighleáil leis.
  • An té is túisce a chláraíonn a nglacfar leis ar an gcúrsa.  Agus sa chás go gcuirtear cúrsa ar ceal glacfar leosan is luaithe a chláraigh.  Cuirfear seo i bhfeidhm sa chás go n-éileodh go laghdófaí líon na rannpháirtithe ar chúrsa mar gheall ar easpa lóistín ag Mná / Fir tí.
  • Má chuirtear cúrsa ar ceal mar gheall ar chúinsí eile nach bhfuil smacht ag Coláistí Chorca Dhuibhne orthu, nó/agus ar chomhairle an tríú páirtí nó údaráis, seolfar gach táille thar n-ais seachas an costas riaracháin €60.
  • Má fhágann scoláirí cúrsa luath, ní gheobhaidh siad aisíoc do na taillí atá íoctha. Sa chás go gcaithfidh scoláire cúrsa a fhágaint de bharr a rogha féin nó de bharr cúinsí eile, níl dualgas orainne aisíoc a thabhairt don gcúrsa nó cuid den gcúrsa. Baineann sé seo le costais atá le clúdach ag an gColáiste. Is féidir tuilleadh plé a dhéanamh maidir leis seo leis an mbainistíocht. 

Polasaí Covid-19

I rith an chúrsa ba mhaith linn go mbeimis chomh cúramach is gur féidir ag smaoineamh ar dhaltaí eile ar an gcúrsa, ar na teaghlaigh go bhfuil scoláirí ag fanacht ina measc agus ar gach duine eile atá bainteach leis an gcúrsa agus iad sa cheantar.

Níl Covid -19 imithe mar sin is ceart dúinn a bheith cúramach i gcónaí.

Plean chun maireachtála le COVID-19 (citizensinformation.ie)

Seo a leanas na pointí is tábhachtaí dár gColáiste:

Rialacha Choláistí Chorca Dhuibhne i leith Covid-19

Má bhíonn comharthaí Covid-19 ort, ba cheart duit tástáil a fháil.

Má tá tástáil dhearfach ag mac léinn beidh orthu dul abhaile go dtí go mbeadh na comharthaí sórt imithe uaidh/uaithi ar a laghad 48 uair a cloig.

Beidh orainn síniú a fháil ó gach mac léinn agus ó thuismitheoir/chaomhnóir go bhfuil siad sásta leis na treoracha seo a leanúint.

Polasaí Covid-19 Choláistí Chorca Dhuibhne

Mar choláiste, cloífimid lenár bpolasaí Covid-19 agus déanfaimid measúnú riosca go rialta ar nithe a bhaineann go háirithe le Coláistí Samhraidh.

I rith an chúrsa, ba mhaith linn a bheith chomh cúramach agus is féidir linn, smaoineamh ar mhic léinn eile ar an gcúrsa, ar na teaghlaigh a bhfuil mic léinn ag fanacht leo, agus ar gach duine eile a bhfuil baint acu leis an gcúrsa agus iad sa cheantar.

Níl Covid -19 imithe mar sin is ceart dúinn a bheith cúramach i gcónaí.

Plean chun maireachtála le COVID-19 (citizensinformation.ie)

Seo a leanas na pointí is tábhachtaí dár gColáiste:

Rialacha Choláistí Chorca Dhuibhne i leith Covid-19

Polasaí Choláistí Chorca Dhuibhne’s 

Beidh ar gach mac léinn eolas a bheith acu ar conas tástáil Covid-19 a dhéanamh orthu féin i rith an chúrsa.

Má bhíonn comharthaí Covid-19 ort, ba cheart duit tástáil a fháil agus féinaonrú. Beidh ar dhalta dul abhaile go dtí go mbeidh na comharthaí sóirt imithe uaidh/uaithi ar a laghad 48 uair a cloig.

Faoi láthair sa chás is go mbeadh tástáil dhearfach nó comharthaí sórt ag mac léinn, beidh ar thuismitheoir/chaomhnóir iad a bhailiú ar an lá sin.

Sa chás is go mbeadh tástáil dhearfach Covid-19 ag Bean / Fear a Tí, beidh ar gach mac léinn sa tigh sin dul abhaile am lá sin.

Beidh ar gach mac léinn an tástáil a dhéanamh faoi stiúir fhoireann Choláistí Chorca Dhuibhne.

Polasaí Aisíocaíochta i rith an Chúrsa

Má bhíonn ar mhac léinn an cúrsa a fhágaint aon am de bharr Covid-19, eiseofar aisíocaíochtaí de réir rogha Coláistí Chorca Dhuibhne Teo.

Má chuirtear iachall ar Choláistí Chorca Dhuibhne dalta a chur abhaile toisc go bhfuair Bean/Fear a’ Tí Covid, déanfar gach iarracht cúrsa eile a ofráil don scoláire nó tabharfar aisíocaíocht bunaithe ar an gcuid eile den gcúrsa nár críochnaíodh.