Deiseanna Fostaíochta
Suim agat oibriú inár dteannta?
Spóirt Uisce 2027
Cairde Teangan / Buddies
Bean/Fear a Tí
Bí i do Bhean / Fhear an Tí
Eolas do Mhúinteoirí
Mo bhuíochas dod fhiosrúchán faoi múineadh le Coláistí Chorca Dhuibhne i 2027. Gach bliain deinimíd ár ndícheall breis daltaí a mhealladh go Corca Dhuibhne. Bheinn buíoch díot dá bhféadfá aon chúnamh a thabhairt dúinn maidir le heolas faoi na cúrsaí a scaipeadh i measc múinteoirí agus daltaí.
Seo a leanas dátaí do chúrsaí:
Is iad dualgaisí múinteoirí na ngnáthchúrsaí ná múineadh sna ranganna ar maidin óna 10.00 r.n. go dtí 12.45 i.n. Bíonn timpeall fiche cúig dalta i ngach rang. Eagraítear clár cuimsitheach spóirt sa tráthnóna óna 3.00 i.n. go 5.00 i.n. le haghaidh gach Cúrsa agus bíonn ar mhúinteoir a bheith i láthair. Cuirtear céilí ar siúl gach oíche agus caitheann múinteoir a bheith i bhfeighil anseo chomh maith. Fanann na scoláirí sna Coláistí don lón laethanta áirithe i rith an Chúrsa, bíonn ar mhúinteoir a bheith i bhfeighil anseo chomh maith.
Bíonn ceannairí ar gach cúrsa chun cabhrú leis na múinteoirí ó thaobh iompar na ndaltaí, labhairt na Gaeilge agus gach gné den chúrsa.
Má tá breis eolais nó bróiséirí uait is féidir glaoch orm san oifig nó nóta a chur chugam.