Employment Opportunities

Interested in Working with US?

Bí i do Bhean / Fhear an Tí

Irish students in class

Cúrsa d’Ábhar Oidí

[course-dates category="23" courseyear="2025"]

Gnáthchúrsaí

[course-dates category="27" courseyear="2025"]

Campus Accommodation (Coláiste Íde)

[course-dates category="26" courseyear="2025"]

Eolas do Mhúinteoirí

Mo bhuíochas dod fhiosrúchán faoi múineadh le Coláistí Chorca Dhuibhne i 2024. Gach bliain deinimíd ár ndícheall breis daltaí a mhealladh go Corca Dhuibhne. Bheinn buíoch díot dá bhféadfá aon chúnamh a thabhairt dúinn maidir le heolas faoi na cúrsaí a scaipeadh i measc múinteoirí agus daltaí. 

Is iad dualgaisí múinteoirí na ngnáthchúrsaí ná múineadh sna ranganna ar maidin óna 10.00 r.n. go dtí 12.45 i.n. Bíonn timpeall fiche cúig dalta i ngach rang. Eagraítear clár cuimsitheach spóirt sa tráthnóna óna 3.00 i.n. go 5.00 i.n. le haghaidh gach Cúrsa agus bíonn ar mhúinteoir a bheith i láthair. Cuirtear céilí ar siúl gach oíche agus caitheann múinteoir a bheith i bhfeighil anseo chomh maith. Fanann na scoláirí sna Coláistí don lón laethanta áirithe i rith an Chúrsa, bíonn ar mhúinteoir a bheith i bhfeighil anseo chomh maith.

Bíonn ceannairí ar gach cúrsa chun cabhrú leis na múinteoirí ó thaobh iompar na ndaltaí, labhairt na Gaeilge agus gach gné den chúrsa.

Má tá breis eolais nó bróiséirí uait is féidir glaoch orm san oifig nó nóta a chur chugam.

Le gach dea-ghuí,
Páidí Ó Sé,
Bainisteoir.