Polasaí Covid-19

Táimid, ag Coláistí Chorca Dhuibhne, ag cur an pholasaí seo i bhfeidhm chun go mbeidh gach dalta a fhreastalaíonn ar Choláistí Chorca Dhuibhne ar an riosca is lú maidir le scaipeadh an ghalair Covid-19. Faoi láthair, tá na méadrachtaí ag dul sa treo mícheart. Tá an ráta galraithe ag dul i méid. Is méadrach é seo atá ag gluaiseacht agus athraíonn sé go seachtainiúil ach déanaimid monatóireacht air seo i gcónaí.

Tá go leor dár dTeaghlaigh Ghaeltachta idir iad fhéin agus daoine go bhfuil siad ag tabhairt aire dóibh sa chatagóir ardriosca. Is é atá sa pholasaí seo ná a chinntiú go mbeidh na daltaí in ann freastal ar an nGaeltacht ar feadh na tréimhse sin gan an baol a bheith ann go mbeidh briseadh amach iomlán sa choláiste.

Go bunúsach, bhí dhá rogha againn – ár gcoláiste Gaeilge a oscailt do dhaltaí le polasaí Covid-19 nó é a choimeád dúnta.

Bhí go leor cruinnithe fada againn leis na páirtithe ar fad go mbaineann sé leo; Mná Tí, foireann an Choláiste agus ár mBord. Chuir an toradh deiridh sinn ar ár gcumas nós imeachta a leanúint agus bearta a chur i bhfeidhm a chinnteodh an tsábháilteacht is fearr do na daltaí a fhreastalaíonn ó na ceithre chúige éagsúla, tigh a roinnt le timpeall 12 dalta eile atá tagtha ó theaghlaigh éagsúla.

Ní staid gan locht é seo do cheachtar den dá pháirtí agus b’fhearr linn gan a bheith sa riocht sin go gcaithimid na bearta sin a chur i bhfeidhm.

Tá gach coláiste Gaeilge neamhspleách ar a chéile agus tá múnlaí gnó éagsúla acu chomh maith ach is é ár sprioc ná atmaisféar sábháilte le cairdeas, suáilceas, foglaim agus spraoi a chruthú le daltaí eile. Nuair a bhíonn na daltaí ag freastal ar an gColáiste i.e, Ranganna nó ar ghníomhaíochtaí lasmuigh faoin aer, ní bheidh gá le masc a bheith orthu.

Mar sin féin, laistigh de thigh na mBan Tí, tá na mascanna thábhachtach.

Tá go leor cúrsaí beo á reáchtáil againn ón gCáisc agus táimid in ann iad seo a rith gan aon ráigeanna móra de bharr cur i bhfeidhm rathúil ár bpolasaí.

B’fhearr linn go mbeadh cúinsí éagúla ann ach chun fáilte a chur roimh dhaltaí go Gaeltacht Chorca Dhuibhne i rith an tsamhraidh agus ar mhaithe lenár ngnó a choimeád sa tsiúl, tá an gníomh seo de dhíth.

Is cáipéis bheo é an polasaí seo agus déantar athbhreithniú laethúil air. A luaithe is a thiocfaidh laghdú ar fhorleithne ard Covid sa phobal, beimid in ann é sin a leasú.

Polasaí Covid-19 Choláistí Chorca Dhuibhne

Beimid mar choláiste ag cloí lenar bpolasaí Covid-19 agus beidh measúnú riosca á dhéanamh againn go rialta ar rudaí atá bainteach go speisialta le Coláistí Samhraidh.

I rith an chúrsa ba mhaith linn go mbeimis chomh cúramach is gur féidir ag smaoineamh ar dhaltaí eile ar an gcúrsa, ar na teaghlaigh go bhfuil scoláirí ag fanacht ina measc agus ar gach duine eile atá bainteach leis an gcúrsa agus iad sa cheantar.

Níl Covid -19 imithe mar sin is ceart dúinn a bheith cúramach i gcónaí.

Plean chun maireachtála le COVID-19 (citizensinformation.ie)

Seo a leanas na pointí is tábhachtaí dár gColáiste:

Rialacha Choláistí Chorca Dhuibhne i leith Covid-19

**Beidh ar gach mac léinn 5 thástáil antaigin a thabhairt leo don gcúrsa.  (dhá ceann sparalta ) **

Ní bheidh ach trí thastáil le déanamh

  • .
  • .
  • .

Polasaí Choláistí Chorca Dhuibhne

  • Tabhair leat mascanna mar beidh siad uait i dtithe na mBan Tí / Fear Tí.
  • .
  • .
  • Faoi láthair sa chás is go mbeadh tástáil dhearfach ag mac léinn, beidh ar thuismitheoir/chaomhnóir iad a bhailiú ar an lá sin.
  • Beidh orainn síniú a fháil ó gach mac léinn agus ó thuismitheoir/chaomhnóir go bhfuil siad sásta leis na treoracha seo a leanúint.
  • .
  • .
  • .
  • .

Beidh ar gach mac léinn an tástáil a dhéanamh faoi stiúir fhoireann Choláistí Chorca Dhuibhne.

.

  • .
  • .

*                                  *                                   *                                       *                                          *                                            *                                        *

Táimid, ag Coláistí Chorca Dhuibhne, ag cur an pholasaí seo i bhfeidhm chun go mbeidh gach dalta a fhreastalaíonn ar Choláistí Chorca Dhuibhne ar an riosca is lú maidir le scaipeadh an ghalair Covid-19. Faoi láthair, tá na méadrachtaí ag dul sa treo mícheart. Tá an ráta galraithe ag dul i méid. Is méadrach é seo atá ag gluaiseacht agus athraíonn sé go seachtainiúil ach déanaimid monatóireacht air seo i gcónaí.

.

.

.

.

.

.

.

Is cáipéis bheo é an polasaí seo agus déantar athbhreithniú laethúil air. A luaithe is a thiocfaidh laghdú ar fhorleithne ard Covid sa phobal, beimid in ann é sin a leasú.

Polasaí Covid-19 Choláistí Chorca Dhuibhne

Mar choláiste, cloífimid lenár bpolasaí Covid-19 agus déanfaimid measúnú riosca go rialta ar nithe a bhaineann go háirithe le Coláistí Samhraidh.

I rith an chúrsa, ba mhaith linn a bheith chomh cúramach agus is féidir linn, smaoineamh ar mhic léinn eile ar an gcúrsa, ar na teaghlaigh a bhfuil mic léinn ag fanacht leo, agus ar gach duine eile a bhfuil baint acu leis an gcúrsa agus iad sa cheantar.

Níl Covid -19 imithe mar sin is ceart dúinn a bheith cúramach i gcónaí.

Plean chun maireachtála le COVID-19 (citizensinformation.ie)

Is iad seo a leanas na pointí is tábhachtaí d’ár gColáiste:

Rialacha Coláistí Chorca Dhuibhne’s maidir le Covid-19

.

.

Polasaí Choláistí Chorca Dhuibhne

  • .
  • .
  • Beidh ar gach mac léinn eolas a bheith acu ar conas tástáil Covid-19 a dhéanamh orthu féin i rith an chúrsa.
  • Faoi láthair má tá tástáil dhearfach ag dalta, beidh ar thuismitheoir/caomhnóir é/í a bhailiú ar an lá sin.
  • Má bhíonn tástáil dhearfach Covid-19 ag Bean/Fear a Tí, beidh ar gach dalta sa tigh sin dul abhaile an lá sin.
  • .
  • .

.

Má bhíonn ar dhalta an cúrsa a fhágaint aon am de bharr Covid-19, aisíocfaidh Coláistí Chorca Dhuibhne ar bhonn pro rata do na hoícheanta neamhchríochnaithe lúide costas an bhoird a bhaineann leis an mBean Tí.

Más gá do Choláistí Chorca Dhuibhne dalta a chur abhaile toisc Covid-19 a bheith ar Bhean/Fhar a’ Tí, déanfar gach iarracht áit a fháil donn dalta ar chúrsa eile nó tabharfar aisíocaíocht bunaithe ar an gcuid eile den chúrsa nár críochnaíodh.