Archives

Is féidir grá sa teanga a chothú sna scolairí trí thaithí tumtha ar líne.

Cuirtear béim ar an dteanga labhartha, ar an ngramadach, ar an bhFillteán Foghlama agus ar an ullmhúchán don mBéaltriail Ghaeilge. Tá Topaicí Gaeilge dírithe ar Churaclam na Bunscoile. Faigheann na scoláirí blaiseadh chomh maith den raon leathan litríochta, cultúir agus traidisiúin atá againn i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Úsáidtear modhanna teagaisc idirghníomhacha sna ranganna.

Eagraítear imeachtaí tráthnóna agus oíche bunaithe ar threoirlínte ón Siollabas do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht. Mar shampla, ceardlanna, aoichainteoirí, eispéiris chultúrtha bheo, agus go leor eile.