Cúrsaí Gaeilge d'aoisghrúpaí 12 -18
Fáilte go Coláistí Chorca Dhuibhne
Is Coláiste Gaeilge sinn atá lonnaithe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ag soláthar Cúrsaí Gaeilge do dhaltaí sna grúpaí seo a leanas:
Cúrsaí Samhraidh 2024 Ar Fáil Anois
Réamhteastas Sóisearach (Bean a Tí)
Raghaidh an cúrsa seo chun tairbhe do dhaltaí atá sa chéad bhliain agus sa dara bliain. Clúdófar topaicí ar churaclam an Teastais Shóisearaigh ar bhonn idirghníomhach. Béim láidir ar labhairt na Gaeilge.
Cothófar grá i bhfoghlaim na Gaeilge ar Leithinis Chorca Dhuibhne i gcroílár Ghaeltacht Chiarraí Thiar.
Tá an cúrsa seo oiriúnach do dhaltaí idir 12-14 bliana d’aois agus uaireanta oireann an rogha fanacht i suíomh cónaitheach do dhaltaí atá ag fágaint an bhaile den gcéad uair!
Dátaí na gCúrsaí 2024
Réamh-Ardteist (Bean a Tí )
Dátaí na gCúrsaí 2024
Cúrsaí Bunscoile (Bean a Tí)
Dátaí na gCúrsaí 2024
Coláiste Íde (Lóistín i gColáiste Cónaitheach)
Dátaí na gCúrsaí 2024
Reáchtálann Coláistí Chorca Dhuibhne clár cónaithe samhraidh 2 sheachtain i gColáiste Íde i gCuan an Daingin. Is tigh mainéir ón 18ú aois é Coláiste Íde.
Fanann gach mac léinn ag an gColáiste Cónaitheach. Déanann an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus oifigigh as Coláistí Chorca Dhuibhne cigireacht ar Choláiste Íde. Tá Coláiste Íde ar ardchaighdeán agus tá aon leaba amháin singil ag gach dalta. Fostaítear foireann na cistine chun béilí sláintiúla a chur ar fáil ó bhiachláir atá aontaithe le Coláistí Chorca Dhuibhne.
Coláiste Gaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne
Coláistí Chorca Dhuibhne Teo
Coláiste Gaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne
Tá Coláistí Chorca Dhuibhne Teo ar an bhfód i mBaile an Fheirtéaraigh, Iarthar Chiarraí, le beagnach daichead bliain anuas. Is fochuideachta é de Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne é a bunaíodh i 1966.
Tá Coláistí Chorca Dhuibhne ag leanúint ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann ag reáchtáil cúrsaí Gaeilge ar shlí bhrabúsach do dhaltaí san aoisghrúpa 10-18 mbliana d’aois agus d’Ábhair Oidí agus do Mhúinteoirí Iarchéime faoi Oiliúint
- Coláistí Chorca Dhuibne, Baile an Fheirtéaraigh Trá Lí, Co. Chiarraí
- +353 (0) 66 9156100
- eolas@colaiste.ie























