Cúrsaí Ar Líne

Cúrsaí Ar Líne / Cianfhoghlaim don aoisghrúpa 12-18

Fáilte go Coláistí Chorca Dhuibhne

Is Coláiste Gaeilge sinn lonnaithe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ag soláthar Cúrsaí Gaeilge ó chian

Cianfhoghlaim Ar Líne

Raghaidh an cúrsa seo chun tairbhe do dhaltaí atá ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteiste. Clúdófar na hábhair ar bhonn idirghníomhach. Béim láidir ar labhairt na Gaeilge chomh maith le feabhas a chur ar an stór focal, ar ghramadach agus ar struchtúr abairtí na Gaeilge.

Is é an aidhm atá againn ná leibhéal do chuid Gaeilge a fheabhsú ó chompord do bhaile i rith an chúrsa ar líne seo.

Dátaí na gCúrsaí 2023

Níl aon chúrsaí sceidealaithe faoi láthair

Coláistí Chorca Dhuibhne Teo

Coláiste Gaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne

Tá Coláistí Chorca Dhuibhne Teo ar an bhfód i mBaile an Fheirtéaraigh, Iarthar Chiarraí, le beagnach daichead bliain anuas. Is fochuideachta é de Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne é a bunaíodh i 1966.

Tá Coláistí Chorca Dhuibhne ag leanúint ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann ag reáchtáil cúrsaí Gaeilge ar shlí bhrabúsach do dhaltaí san aoisghrúpa 12-18 mbliana d’aois agus d’Ábhair Oidí agus do Mhúinteoirí Iarchéime faoi Oiliúint