Cúrsa Gaeilge – Réamhteastas Sóisearach
Do Dhaltaí bliain 1 & 2
Cúrsa Gaeilge – Réamhteastas Sóisearach
Bean / Fear an Tí Cúrsaí
Do Dhaltaí bliain 1 & 2
Coláiste Gaeilge, Clár Laethúil
3 rang foirmeálta
Lón
Imeachtaí
Siamsaíocht
Léargas Ginearálta
Cúrsa 2 Sheachtain ó €1320*
* éarlais €300 ag teastáil
Dátaí na gCúrsaí 2027
Cúrsa Coicíse | €300 éarlais | €1320 iomlán
Cúrsa Coicíse | €300 éarlais | €1320 iomlán
Cúrsa Coicíse | €300 éarlais | €1320 iomlán
Cúrsa Coicíse | €300 éarlais | €1320 iomlán
Cúrsa Coicíse | €300 éarlais | €1320 iomlán
Gníomhaíochtaí
Sna coláistí seo bíonn an bhéim ar fad ar chabhrú le daltaí líofacht sa Ghaeilge a shealbhú, rud a chuirfidh ar a gcumas iad páirt a ghlacadh in imeachtaí a saol trí mheán na Gaeilge. Cinnteoidh na múinteoirí go mbeidh an t-atmaisféar laistigh agus lasmuigh den seomra ranga taitneamhach agus tairbheach. Bainfidh siad sásamh as an bhfoghlaim sa tslí seo. Is é sin, ar ndóigh, an tslí is fearr chun grá na teanga agus a cultúir a chothú i ndaoine óga. Tugann an saghas seo coláiste go leor buntáistí ar leith do dhaltaí:
A. – Tagann sé leis an gcuraclam athbhreithnithe atá tugtha isteach ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta sna hiar-Bhunscoileanna.
B. – Glacann údaráis teagaisc teangacha ar fud an domhain leis, dá luaithe is a fhoghlaimíonn daltaí teanga labhartha, is ea is tapúla agus is fusa a gheobhaidh siad é.
C. – Tá sé riachtanach go mbeadh cumas labhartha fónta ag daltaí ar theanga sula n-éilítear orthu í a léamh nó a scríobh.
Fanann gach dalta i lóistín a bhfuil cigireacht déanta orthu ag oifigigh ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus oifigigh as Coláistí Chorca Dhuibhne. Tithe d’ardchaighdeán a bhíonn ann agus bíonn leaba shingil ag gach dalta. Cuireann Bean / Fear an Tí béiltí folláine ar fáil ó bhiachláir atá aontaithe le Coláistí Chorca Dhuibhne.
**Tá sé riachtanach go ndéanfaidh daltaí ar mian leo fanacht i lóistín le cairde leo, iarratas a dhéanamh le chéile agus freastal ar an gcúrsa céanna. Tharlódh sé nach mbeadh coláiste dá rogha féin ar fáil do dhaltaí ó aoisghrúpaí éagsúla ar mian leo lóistín a fháil le chéile.
Líontar cúrsaí i gcónaí ar bhonn céad freastail. D’fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta i gcónaí lóistín a chur ar fáil nuair a iarrtar sin agus ní chuirfear níos mó ná triúr cairde le chéile sa tigh céanna.
Bíonn príomhoide, múinteoirí agus ceannairí ag plé le gach coláiste. Is príomhoidí agus múinteoirí cáilithe iad faoi rialacha na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, agus is cainteoirí líofa Gaeilge iad chomh maith.
Bíonn na ceannairí ar fad ocht mbliana déag d’aois nó os a chionn agus is ábhair oidí iad i gceann de na Coláistí Oideachais. Áirítear i measc dualgais na gceannairí ná cabhrú leis na scoláirí Gaeilge a labhairt lasmuigh den seomra ranga, cabhrú le heagrú na gcluichí san iarnóin agus teagasc an rince ag na céilithe tráthnóna. Cabhraíonn na ceannairí chomh maith le daltaí óga a bhraitheann uaigneach agus cabhraíonn siad leo socrú síos.
Ní chreideann an Coiste gur cheart go mbeadh liosta mór fada rialacha le leanúint. Tá cúpla riail bhunúsach ann agus iarrtar oraibh iadsan a lua leis an ndalta sara dtagann siad go dtí an nGaeltacht. Má bhristear na rialacha seo, cuirfear an dalta abhaile ón gcúrsa agus caillfidh siad táille an chúrsa.
- Caithfidh daltaí Gaeilge a labhairt an t-am ar fad.
- Caithfidh daltaí treoracha an Phríomhoide, Múinteoirí, Ceannairí a leanúint.
- Caithfidh daltaí filleadh ar a seomraí tar éis an chéilí ag an am cuí agus níl cead imeacht arís ina dhiaidh sin nó roimis 9.00rn an mhaidin ina dhiaidh. Baineann sé seo chomh maith le daltaí a tógtar amach don lá nó cuid den lá ag tuismitheoirí/caomhnóirí.
- Ní cheadaítear tabac, alcól nó substaintí andúile a bheith i seilbh an dalta. Ní cheadaítear do dhaltaí dul isteach in áitreabh ceadúnaithe.
- Caithfidh daltaí cloí le rialacha an bhóthair.
- Cuirfear srian ar úsáid fón póca le linn uaireanta an choláiste.







