Léargas Ginearálta

Is féidir grá don nGaeilge a chothú sna daltaí trí thaithí thumoideachais. Cuirtear béim ar an dteanga labhartha, gramadach, An Fillteán Foghlama agus ullmhúchán don Scrúdú Béil. Baineann téamaí na Gaeilge leis an gCuraclam Bunscoile.

Faigheann daltaí chomh maith blaiseadh den réimse leathan litríochta, cultúr agus traidisiúin ó Chorca Dhuibhne. Úsáidtear modhanna múinte idirghníomhacha sna ranganna.

Eagraítear imeachtaí tráthnóna agus istoíche bunaithe ar threoirlínte do Shiollabais do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht. Mar shampla, ceardlanna, aoi-chainteoirí, imeachtaí beo cultúrtha agus mórán eile nach iad!

Cúrsaí ar fáil

Coláiste Mhuire Gan Smál

Coláiste Mhuire Marino

Coláiste Naomh Phádraig

Coláiste Froebel

Coláiste Mhuire Gan Smál- Campas Phádraig Dúrlas

Coláiste Hibernia