Turasanna Scoile Deireadh Seachtaine / Seachtaine

Turasanna Scoile Deireadh Seachtaine / Seachtaine
Turasanna Scoile Deireadh Seachtaine / Seachtaine

Léargas Ginearálta

Ullmhaíonn Coláistí Chorca Dhuibhne cláracha do bhunscoileanna agus meánscoileanna gur mhaith leo blaiseadh a fháil den nGaeilge agus den gcultúr i gCorca Dhuibhne. Cuirtear gach clár in oiriúint de riachtanais an ghrúpa áirithe. Fanann daltaí agus múinteoirí le Bean an Tí chun blaiseadh nadúrtha den dteanga a fháil i measc mhuintir an tí. Bíonn ranganna Gaeilge labhartha ar fáil do ghrúpaí na hArdteiste agus iad ag ullmhú don scrúdú béil, ar fiú 40% de na maranna iomlána é. Cuirtear béim ar litríocht, filíocht agus turasanna cultúrtha timpeall an cheantair, ar fad as Gaeilge.                  
Bíonn pacáistí eagsúla ar fáil againn – ó €155 do dhá oíche suas go €250 / €280 do phacáiste 4 oíche, ag brath ar an bpacáiste áirithe atá oiriúnach don scoil. níl pacáistí aon oíche amháin ar fáil
Tá gach béile san áireamh sa phraghas seo. Molaimid do scoileanna a gcuid taistil féin a eagrú don dTuras go dtí an nGaeltacht, atá riachtanach chun daltaí a thabhairt go dtí agus ó gach imeacht atá ar an gclár. Is costas breise é seo don scoil féin. Más rud é go bhfuil taisteal ag teastáil ó do scoilse, beidh costas breise ar na busanna sin.

Cuirimid béim ar chabhrú leis na daltaí líofacht sa Ghaeilge a shealbhú sna Coláistí seo, a chuirfidh ar a gcumas iad páirt a ghlacadh sa teanga agus iad i mbun comhrá laethúil. Cinnteoidh múinteoirí go mbeidh an t-atmaisféar laistigh agus lasmuigh den seomra ranga taitneamhach agus tairbheach. Is eispéireas sona a bheidh ann an Ghaeilge a fhoghlaim sa tslí seo. Is é sin, gan dabht, an tslí is fearr chun grá don dteanga agus don gcultúr a chothú i measc daoine óga. Tugann an coláiste go leor buntáistí ar leith do dhaltaí:

A. – Bíonn baint mhór aige leis an gcuraclam athbhreithnithe atá tugtha isteach ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta sna hiar-Bhunscoileanna.

B. – Glacann údaráis teagaisc teangacha ar fud an domhain gur tapúla agus gur fusa é teanga a fhoghlaim a luaithe a fhoghlaimíonn daltaí é.

C. – Tá sé riachtanach go mbeadh cumas labhartha fónta ag daltaí ar theanga sula n-éilítear orthu í a léamh nó a scríobh.

Fanann na daltaí ar fad i lóistín atá iniúchta ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ag oifigigh ó Choláistí Chorca Dhuibhne. Tá na tithe ar ardchaighdeán agus tá leaba shingil ag gach dalta. Cuireann Bean an Tí béiltí sláintiúla baile ar fáil agus tá a mbiachláir aontaithe le Coláistí Chorca Dhuibhne. **Tá sé riachtanach go ndéanfadh daltaí ar mian leo lóistín a fháil le chéile iarratas a dhéanamh le chéile agus freastal ar an gcúrsa céanna. D’fhéadfadh sé nach mbeadh coláiste dá rogha féin ar fáil do dhaltaí ó aoisghrúpaí éagsúla ar mian leo lóistín a fháil le chéile. Líontar cúrsaí i gcónaí ar bhonn an chéad duine a thagann isteach. B’fhéidir nach mbeidh sé indéanta i gcónaí lóistín a sholáthar san áit go n-iarrtar é.

Bíonn príomhoide, múinteoirí agus ceannairí ag plé le gach coláiste. Is príomhoidí agus múinteoirí cáilithe iad faoi rialacha na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, agus is cainteoirí líofa Gaeilge iad chomh maith.
Ní chreideann an Coiste gur cheart go mbeadh liosta mór fada rialacha le leanúint. Tá cúpla riail bhunúsach ann agus iarrtar oraibh iadsan a lua leis an ndalta sara dtagann siad go dtí an nGaeltacht. Má bhristear na rialacha seo, cuirfear an dalta abhaile ón gcúrsa agus caillfidh siad táille an chúrsa.
  • Caithfidh daltaí Gaeilge a labhairt an t-am ar fad.
  • Caithfidh daltaí treoracha an Phríomhoide, Múinteoirí, Ceannairí a leanúint.
  • Caithfidh daltaí filleadh ar a seomraí tar éis an chéilí ag an am cuí agus níl cead imeacht arís ina dhiaidh sin nó roimis 9.00rn an mhaidin ina dhiaidh. Baineann sé seo chomh maith le daltaí a tógtar amach don lá nó cuid den lá ag tuismitheoirí/caomhnóirí.
  • Ní cheadaítear tabac, alcól nó substaintí andúile a bheith i seilbh an dalta. Ní cheadaítear do dhaltaí dul isteach in áitreabh ceadúnaithe.
  • Caithfidh daltaí cloí le rialacha an bhóthair.
  • Cuirfear srian ar úsáid fón póca le linn uaireanta an choláiste.