Aistear na nGael
Campa Seachtaine do dhéagóirí na Gaeltachta
Campa Seachtaine do dhéagóirí na Gaeltachta
Campa eachtraíochta seachtaine do dhéagóirí na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Is í an aidhm a bheidh ag an gcúrsa seo ná daoine óga na Gaeltachta a thabhairt le chéile, chun spraoi a bheith acu le daoine óga Gaeltachta eile, agus chun an Ghaelainn a labhairt lena linn. Beidh béim ar imeachtaí lasmuigh, ar imeachtaí rannpháirtíochta, agus táthar ag súil go gcruthófar cairdeas agus nascanna idir na déagóirí chomh maith le iad a spreagadh chun cuimhneamh ar a bhféiniúlacht Gaeltachta.