Téarmaí agus Coinníollacha

  • Glacfar le hiarratais tré éarlais €100 a dhíol. Glacfar leis go gcloífidh an rannpháirtí le Rialacha an Chúrsa agus an éarlais sin díolta aige.
  • Cuirfear ríomhphost chugat ar dhíol na héarlaise duit. Tá praghas speisialta ann do mhochóirí go dtí an 28 Feabhra.
  • Tá sé de cheart ag Coláistí Chorca Dhuibhne diúltú d’iarratas, nó rannpháirtí a chur ón gcúrsa am ar bith, ag brath ar chinneadh an Chomhordaitheora. Ní bheidh lucht eagraithe an chúrsa freagrach as aon
    bhreoiteacht, gortú nó timpiste a bhainfidh don rannpháirtí nó as éadaí/trealamh le rannpháirtí a chailliúint.
  • Cuirfear na Rialacháin Sláinte is Sábháilteachta cuí i bhfeidhm le linn an chúrsa seo.
  • Ní mór riachtanaisí sláinte, más ann iad, a chur in iúl i scríbhinn ar an bhFoirm Iarratais. Beidh ar an dTuismitheoir/Caomhnóir aon chostas sláinte/táillí dochtúra a tharraingíonn rannpháirtí le linn an chúrsa, a dhíol.
  • Ní bheidh Coláistí Chorca Dhuibhne freagrach as aon damáiste nó caillteanas d’earraí na n-imreoirí i rith an chúrsa.
  • D’fhéadfaí go n-úsáidfí grianghraif a thógtar le linn an chúrsa mar ábhar bolscaireachta.

Available Courses